Isaac Butt – seanchas Chathail ar Isaac. B’as Luimneach a tháinig siad. Ba ministir a bhí ina athair agus fuair Isaac léann maith agus cháiligh sé ina dhlíodóir. Bhí sé ina Theachta Parlaimint in Sasana níos moille. Bhí sé ina chol ceathrar ag sagart na paróiste, an tAthair Ramsey, rud a d’fhág é ag taobhú leis na Caitlicigh go minic. Chosain sé na Fíníní go minic i dteach na cúirte. Bhí sé ina Theachta Dála in Eochaill i gCo. Chorcaí. Bhunaigh sé gluaiseacht an “Home Rule”. Ghlac Parnell anonn uaidh nuair a fuair sé bás óg go leor. Tá sé curtha i mBealach Féich. Chaill Eaglais na hÉireann a gcuid cumhachta ansin. Bhí Isaac Butt ina náisiúnach anois agus d’fhág sin na Protastúnaigh mí shocair. | 00:13:08 | |